As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.
As tré ċreideaṁ do ċóṁnuiġ sé a dtír na geallaṁna, aṁuil a dtir ċoiṁiġṫe, ar ndéunaṁ coṁnuiġe ḋó a mboṫuíḃ maille ré Hísaac agus ré Iácob, coṁóiġreaḋa na geallaṁna céudna: