Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Naċ ḃfuilid do ḋearḃráiṫre ag beaṫuġaḋ an tréada a Seċem? tárr águs cuirfe mé ċucṫa ṫú: agus a duḃairt seision ris, Atáim annso.
Agus a duḃairt Ṗárao ré na ḋearḃráiṫriḃ, Créad as ceird ḋaoiḃ? Agus a duḃradursan ré Ṗárao, Aoḋairiġe cáoraċ do ṡerḃísiġ, sinn féin aráon, Agus ar naiṫre mar an gcéadna.
Anois do ḃí Máoisi ag cuṁdaċ ċáoraċ Iéṫro a ċlíaṁuin, Sagart Ṁídian: agus do ṫeioruiġ an Treud go taoiḃ cúil na bfasaiġ, agus táinic go slíaḃ Dé, eaḋon go Hóreb.
As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.
Ní do nós Ċáin, noċ do ḃí ón droċ spioruid, agus do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus créd é an taḋḃar fár ṁarḃ sé é? Do ḃríġ go raḃadar a oibreaċa féin go holc, agus oíbreaċa a ḋearḃráṫar fíreunta.