19 Agus tug Lameċ días ban: áon díoḃ dar ḃainm Adah, agus an dara ḃean dar bainm Sillah.
Agus do ráiḋ an TIĠEARNA Día, Ní maiṫ an duine ḃeiṫ na áonar: do ḋéuna mé cunġnaṁ ḋó ḃías iomċúḃaiḋ ḋó.
Uime sin fúigfiḋ an fear a aṫair, agus a ṁaṫair, agus ceangóluiḋ da ṁnáoi: agus béid na náoin ḟeóil.
Agus do Enoċ rugaḋ Irad: agus do ġein Irad Mehuiael: agus do ġein Mehuiael Metusael: agus do ġein Metusael Lameċ.
Agus rug Adah Iabal: do bé sin aṫair na druinge do ċoṁnuiġeaḋ a bpuibliḃ, agus na druinge gá mbí airnéis.
Agus a duḃairt Lameċ ré na ṁnáiḃ, Adah agus Sillah, Eisdiġ ré mo ġlór a ṁná Lameċ, eisdiġ rem ċaint: óir do ṁarḃus duine ċum mo lot, agus duine óg ċum mo ḋoċair féin.
Agus ṫug Iehoiada días ban ċuige; agus do ġein sé mic agus inġeana.
A deir seisean riu, Do ḟuluing Máosi ḋáoiḃsi ar son cruáis ḃur gcroiḋeaḋ ḃur mná do léigean: aċd ċeana ní mar sin do ḃí se ó ṫus.