Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 4:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Uime sin giḋ bé ar biṫ ṁuirfeas Cáin, do ḋéuntar a ṡeaċd noirid dioġaltuis air. Agus do ċuir an TIĠEARNA coṁarṫa ar Ċáin, deagla áonduine ar na ḟaġáil go muirfeaḋ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 4:15
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Má ḋioġaltar ar Ċáin seaċd noirid, go deiṁin dioġaltar ar Lámeċ seaċt agus seaċdṁoḋad oirid.


Agus mar an gcéadna lé láiṁ an ḟáiḋ Iehu ṁic Hanani ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA a naġaiḋ Ḃaasa, agus a naġaiḋ a ṫiġe, eaḋon ar son gaċ uilc dá ndéarna sé a raḋarc an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċum feirge lé hoibriġṫiḃ a láṁ, do ċionn go raiḃ cosṁuil ré tiġ Ieroboam; agus do ċionn mar do ṁarḃ sé é.


Ná marḃ íad, deagla go ndéanaḋ mo ḋaoine dearmad: spréiḋ íad re do ċuṁaċdaiḃ; agus taḃair a núas íad, a ṪIĠEARNA ar scíaṫ.


Agus taḃair dar ccoṁarsanaiḃ a ṡeaċd noirid iona mbrollaċ a scannail féin, re ar scannluiġeadar ṫusa, a ṪIĠEARNA.


Aċt má ḃeirṫior air, aiseoguiḋ sé seaċt noirid; do ḃéara sé uile ṁaóin a ṫiġe úaḋ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Imṫiġ tré lár na caiṫreaċ, tré lár Ierusalem, agus cuir coṁarṫa; air éadanuiḃ na ndaóine uċḃaḋas agus éiġios ar son na nuile ġráineaṁlaċta dá ndéantar iona lár.


Marḃuiḋ ṫríd amaċ sean agus óg, ídir ċailíniġ, agus leanba óga, agus ṁnáiḃ: aċt ná tigiḋ a ḃfogus dáonduine ar a mbía an coṁarṫa; agus tosuiġiḋ ag mo ṡanctóirse. Annsin do ṫosuiġeadar ris na daóiniḃ seana noċ do ḃí as coinne an tiġe.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Goir Iesreel dainm ḋe; óir fós ar feaḋ uáine bige, agus diġeola misi fuil Iesreel air ṫiġ Iehu, agus do ḃéara mé air rioġaċd ṫiġe Israel cosg.


Agús muna néistiġe riom fós ar a ṡon so uile, annsin píanfa mé siḃ seaċd nuáire eile ar son ḃur bpeacaiḋ.


¶ Agus má ṡiuḃluiġṫí contrárḋa ḋaṁsa, agus náċ éisdfiḋe rium; do ḃéura mé seaċd nuáire eile tuilleaṁ plaiġe oruiḃ do réir ḃur bpeacaḋ.


Annsin siuḃoluiḋ misi mar an gceadna contrárḋa ḋáoiḃsi, agus smaċdeoċa mé fós seaċd nuaíre eile siḃ ar son ḃur bpeacaḋ.


Annsin siuḃóluíġ misi ionḃur naġuiḋsi a ḃfeirg ṁóir; agus misi, eaḋon misi féin, smaiċdeoċus siḃ seaċd nuáire ar son ḃur bpeacaiḋ.


Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do ċloiḋeaṁ a rís an a ionad féin: oír gaċ uile ḋuine ġlacus cloiḋeaṁ is le cloiḋeaṁ ṫuitfeas sé.


Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.


Agus do lean an treas aingeal íad, ag ráḋ do ġúṫ árd, Má ḃeir éinneaċ onóir don nainṁiḋe agus dá íoṁáiġ, agus go ngéuḃa ċuige a ċoṁarṫa a gclár á éudain, nó ann a láiṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ