Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 4:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Féuċ, do ḋíbir tú mé ó aġuiḋ na talṁan san ló a niuġ; agus foileoċar ód ġnúis mé, agus béad am ṫeiṫṁeaċ agus am ḋeóruiġe annsa talaṁ, agus tiucfa as sin, giḋ bé air biṫ ṫeigeoṁas riom, go muirfiḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 4:14
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar sin do ṫiomáin sé an duine amaċ, agus do ċuir sé ag an ccuid ṡoir do ġairdin Eden Ċerubíniġ agus cloiḋeaṁ lasarḋa, noċ do iompoiġeaḋ ann gaċ uile táoḃ, do ċoiṁéud sliġe ċroinn na beaṫa.


Agus a duḃairt Cáin ris an TTIĠEARNA, As mó mo ṗionús ná mar ḟéuduim iomċar.


Agus, féuċ, déiriġ muinntir an tiġe uile a naġaiḋ do ḃanóglaiċ, agus a duḃradar, Seaċuid an té do ṁarḃ a ḋearḃraṫair, go marḃam é, air son ḃáis a ḋearḃraṫair noċ do ṁarḃ sé; agus muírfimne an toiġre mar an gcéadna: agus mar sin múċfuid mo sméaṫroid noċ do fágḃaḋ, agus ní ḟúigfid ag mfear ainm no íarḋráoi ar an ttalaṁ.


Agus bioḋ a ċlann ar seaċrán do ġnáṫ, agus ag íarruiḋ déirce: agus íarruid mar an gceadna as a náitiḃ uáigneaċa.


Ná bíoḋ ann duine do ṡínfeaḋ oineaċ ċuige: agus na bíoḋ áon do ṫaisbeanaḋ trócaire dá ċloinn gan aṫair.


Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log.


Díbearṫar an ciontaċ as iona ċionntaiḃ: aċt bí dóṫċus ag an ḃfíréan iona ḃás.


Teiṫid na cionntuiġ a nuáir naċ bí áonduine dá ttóruiġeaċt: áċt bíd na hionnruic dána aṁuil leoṁan.


Agus féuċfuid ċum na talṁan; agus féuċ buáiḋreaḋ agus dorċadus, agus doille ġoiṁe; agus tiomáinfiġṫear a ndorċadus íad.


Oír tre ḟeirg an TIĠEARNA tárla ann Ierusalem agus ann Iúdah, gur ṫeilg sé amaċ íad as a ḟiaḋnuisi, agus go ndeaċaiḋ Sedeciah a neasuṁlaċt a naġaiḋ riġ na Babilóine.


Uimesin béid síad aṁuil néull maidne, agus aṁuil an moċḋrúċt noċ imṫiġios seaċad, mar au ccáiṫ díbearṫar leis an ngaóiṫ ġuáirdeáin as a nurlár, agus aṁuil an deataċ as an tsimné.


Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.


Agus cuirfe mé loige a gcroiḋṫiḃ an ṁeid ḟúicfíġear beó aguiḃ a ccríoċuiḃ a náṁad; agus cuirfe torann an duílleaḃair a tteiṫeaṁ íad; agus teiṫfid, mar do ṫeiṫfidís roiṁe cloiḋeaṁ; agus tuitfid a nuáir naċ bía éanduine ḋá leánṁuin.


Dioġaltóir ná fola is é féin ṁuirfeas an dúnṁarḃṫóir: a nuáir ṫeigeaṁas sé ris, muirfiḋ sé é.


Nó má ḃuáileann tré aingiḋeaċd é lé na láiṁ, ċor go ḃfuiġe sé bás: cuirfiġear go deiṁin an té ḃuáil é ċum báis; óir is dúnṁarḃṫóir é: muirfiḋ fear dioġalta na fola an dúnṁarḃṫóír, a nuáir ṫeigeaṁas sé ris.


Agus go ḃfuiġe dioġaltóir na fola é táoḃ amuiġ do imliḃ ċaiṫreaċ a ḋídin, agus go muirfe dioġaltóir na folá an marḃṫóir; ní buḋ ciontaċ fola é:


Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ:


Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.


Agus sgaipfuiġ an TIĠEARNA ar fud gaċ uile ṗobuil ṫú, ón gcionn go ċéile don taluṁ eaḋon gus an gcuirr eile; agus ansin foiġeonuiḋ tú do ḋeeiḃ oíle, naċ ar ḃíul duit féin nó dot aiṫriḃ, eaḋon do ċrannuiḃ agus do ċloċuiḃ.


Agus ní ḃfuiġe tú suáiṁneas ar biṫ a measc na gcineaḋaċsa, ní mó ġeaḃas bonn do ċoise socaṁal: aċ do ḃéara an TIĠEARNA ḋuit ann sin croiḋe crioṫánaċ, agus claoċloġa raḋarc, agus doilġios inntinne:


Noċ ġéuḃus pionús an damnnuiġṫe ṡíorruiḋe ó aġuiḋ an Tíġearna, agus ó ġlóir a ċúṁaċd;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ