Féuċ, do ḋíbir tú mé ó aġuiḋ na talṁan san ló a niuġ; agus foileoċar ód ġnúis mé, agus béad am ṫeiṫṁeaċ agus am ḋeóruiġe annsa talaṁ, agus tiucfa as sin, giḋ bé air biṫ ṫeigeoṁas riom, go muirfiḋ sé mé.
Agus do ṫuit cloiċṡneaċda mór a núas ó neaṁ, a gcóṁṫrom taluinne air ḋaóiniḃ: agus do ṁasluiġeadar daóine Día tré ṗláiġ an ċloiċṡneaċda sin; óir do ḃí a ṗláiġ roṁór.
Agus do ḃádar daóine ar fiuċaḋ ré hainteas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm Dé, agá ḃfuil cúṁaċda ós na pláġuiḃsi: agus ni ḋearnadar aiṫriġe ċum glóire do ṫaḃairt dósan.