Féuċ, do ḋíbir tú mé ó aġuiḋ na talṁan san ló a niuġ; agus foileoċar ód ġnúis mé, agus béad am ṫeiṫṁeaċ agus am ḋeóruiġe annsa talaṁ, agus tiucfa as sin, giḋ bé air biṫ ṫeigeoṁas riom, go muirfiḋ sé mé.
Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.
Agus cuirfe mé loige a gcroiḋṫiḃ an ṁeid ḟúicfíġear beó aguiḃ a ccríoċuiḃ a náṁad; agus cuirfe torann an duílleaḃair a tteiṫeaṁ íad; agus teiṫfid, mar do ṫeiṫfidís roiṁe cloiḋeaṁ; agus tuitfid a nuáir naċ bía éanduine ḋá leánṁuin.
¶ Aċ tiucfa a ccríċ, muna nuṁluiġe tú do ġlór do ṪIĠEARNA Dé, do ċóiṁéad a aiṫneaḋ uile do ċoiṁlíonaḋ agus a reaċda uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ; go ttiucfuid na mallaċdasa uile ort, agus go mbéaruid ort: