9 Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé?
Agus a duḃairt Día a naisling ris, Is fior, is aiṫniḋ daṁsa gur ó ċroiḋe ġlan do rinne tú so; óir do ċonnuiṁ mé ó ṗeacaḋ do ḋeunaṁ am aġaiḋ ṫú: uime sin nar léig mé duit buáin ria.
Ann sin do ġoir Abimeleċ Abraham, agus a duḃairt ris, Créd do rinne tusa linne? agus créud a nurċóid do rinne mé féin duit, ás a ttug tú peacaḋ mór oram féin agus ar mo rioġaċd? do rinne tú gníoṁa orumsa nár ċóir a ḋéunaṁ.
Agus a nuair do scuir aimsir a cuṁa, do ċuir Dáiḃi fios uirre ċum a ṫiġe, agus do ḃí na mnaói aige, agus rug sí mac ḋó. Aċ do ṁíoṫaitín an ní do rinne Dáiḃi ris an TTIĠEARNA.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.
Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.
Agus do ġeiḃim ní is seirḃe ná an bás an ḃean, ag ar paintéir agus líonta a croiḋe, a láṁ aṁuil géiḃionn: giḋ bé do ní toil Dé raċaiḋ sé as uáiṫe; aċt géaḃṫar an peacaċ lé.
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, teilgfiḋ mé ṫusa do ġnúis na talṁan: éugfuiḋ tú annsa mblíaḋuinsi, do ḃríġ gur mbúin tú easuṁlaċt a naġaiḋ an TIĠEARNA.
Duáiḋ a nuile ḋuine dá rug orra íad: agus a dúḃradar a neasccáirde, Ní ċiontuiġemíd, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar a naġaíḋ an TIĠEARNA, áitreaḃ an ċeirt, eaḋon an TIĠEARNA, dóṫċus a naiṫreaḋ.
¶ Agus an té ḋéanas aḋaltrannas ré mnaói ḋuine eile, do ḋéanas aḋaltrannus re mnaói a ċoṁársan, cuirfiġear go deṁin an taḋaltrannaċ fir agus mná cum báis.
Má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana sáruġaḋ a náġaiḋ an TIĠEARNA, agus go ndéana bréag ré na ċoṁarsuin ann san ní tugaḋ ḋó a ttaisgiḋ, nó a gcumann, nó rugaḋ uaḋ ar éigin, nó do ṁeall sé a ċoṁarsa;
Aċd an tí úd ag naċ raiḃ a ḟios, agus fós do rinne na neiṫe do ṫuill builliḋe, buáilfaḃear beagán air. Oír giḋ bé dár tugaḋ morán, iárrfuiḋṫear morán a dtaisge, iarrfuiḋṫear ni sa ṁó air.
Gan éinní ḋa gcuid do ṫéultóġ úaṫa, aċd a nuile ċoinġioll maiṫ do ṫáisbéunaḋ ḋóiḃ; ionnus go ndéunaidís teagusg Dé ar Slánaiġṫeóra taitneaṁaċ ar gaċ éunċor.
Giḋ bé neaċ ġeintear ó Ḋía ní ḋéuna sé peacaḋ; óir do ní a ṡíolsan coṁnuiġe ann: agus ní héidir leis peacaḋ do ḋéunaṁ, do ḃríġ go ḃfuil sé ar na ġeineaṁuin ó Ḋía.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.
Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.