Féuċ annois, fuair do ṡearḃfoġantuiġ grása ad raḋarc, agus do méuduiġ tú do ṫrócaire noċ do ṫaisbéin tú ḋaṁsa ag cuṁdaċ ṁanma: agus ní ḟéuduim teiṫeaṁ fan tslíaḃ, deagla uilc éigin do ḃuain daṁ, agus go ḃfuiġinn bás:
Agus atáid daiṁ agus assail agam, tréada agus seirḃísiġ fear agus seirḃisiġ ban: agus do ċuir mé teaċda uáim dá innisin dom ṫiġearna, ionnus go ḃfaġa mé grása ad raḋarc.
Agus a duḃairt Iácob, Ní heaḋ, guiḋim ṫú, má fuáir mé a nois grása ad raḋarc, ann sin glac mo ḃronntanas as mo láiṁ: oir is uime sin do ċonnairc mé do ġnuis aṁuil mar do ċífinn gnúis Dé, gus do ṫaitin mé riot.
Aċ do ḋiúlt seision sin, agus a duḃairt re mnaói a ṁaiġistir, Féuċ, ní feas dom ṁaiġistir créad atá agamsa so tiġ, agus do ċuir sé a raiḃ aige fám láṁuiḃ.
Agus do ċoṁċoguir a ṡerḃíseaċ féin Simri, (caiptín leiṫe a ċarbad) na aġaiḋ, an feaḋ do ḃí ag ól a Ttirsah, nó gur ċuir é fein ar meisge a ttiġ Asa stioḃard a ṫiġe a Ttirsah.
Agus do ṫaitin an cailín ris, agus fuáir sí cinéul úaḋ; agus ṫug sé ḋi go lúaṫ na neiṫe dfóir ċum a hainiċṫe, maille ris gaċ ní dár ḃéan ría, agus móirṡeisior cailiniġ, dob iomċuḃuiḋ ḋi dfaġáil, as tiġ an ríġ: agus do ċuir sé í féin agus a cailíniġ annsa náit do bfeárr do ṫiġ na mban.
Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.