Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋamsa Día do ṁionnuiḃ naċ déuna tú bréag riom, ná ré mo ṁac, no ré mac mo ṁic: aċ do réir an ċinéil do rinne misi ort, go ndéuna tusa ḋaṁsa, agus don duṫaiḋ ann ar ḟan tú.
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus a duḃradarsan, Do ċoncamair go raiḃ an TIĠEARNA go déiḃin leaċtsa: agus a duḃramar, Bíoḋ a nois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot;
Oir as beag do ḃí agad suil ṫáinig misi ċugad, agus a nois tangadur ċum ḃeiṫ iomadaṁail; agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA ṫú ó ṫáinig misi ċugad: agus a nois cá huáir ḋéunas mé solaṫar do mo ṫiġ féin mar an gcéadna?
Ni ḟéuċaḋ fearcoiṁéad an ṗríusúin do ní ar biṫ dá raiḃ fá na láiṁ: do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille rision; agus gaċ ní dá ndéanaḋ sé go gcuireaḋ an TIĠEARNA raṫ aír.
Agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris, agus do ċuáiḋ sé ar a aġaiḋ gaċ uile ḃall a ttíaġ amaċ: agus do ċaṫuiġ se a naġaiḋ ríġ na hassíria, agus níor ḟoġuin sé dó.
Ann sin éireoċuiḋ sonus duit, má ṫúgann tú aire do ċoiṁlíonaḋ na reaċda agus na mbreiṫeaṁnus noċ do ċuir an TIĠEARNA dualaċ ar Ṁaoise a ttaoḃ Israel: bí láidir, agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad; na himeagluiḋ, agus na húaṁnuiġṫear ṫú.
Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem.
Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Annsna laéṫiḃ sin, béaruid deiṫneaṁar fear greim as uile ṫeangaiḋ na ccineaḋáċ, eaḋon béaruid siád greim air sciorta an tí ḃías na Iúduiġe, ag ráḋ, Raċuimne leaċd: óir do ċúalamar go ḃfuil Día maille riḃ.
Go maḋ mar sin ḋealróċus ḃur soillsisi a ḃfíaġnuisi na ndáione, a gcrúṫ go ḃfaicfiḋ síad ḃur ndeaġoibriġṫe, agus do dtioḃruid glóir dá ḃur Naṫair atá ar neaṁ.
Gan éun ċéud lá don tseaċdṁuin cuireaḋ gaċ áon aguiḃ air leiṫ leis féin, do réir mar do ċuir Día sonas air, ionnus naċ mbiáiḋ tionól ré ḋéunaṁ ar dteaċd daṁsa.
Oír do ḃeannuiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa ann uile oibreaċ do láiṁe: atá fios ḃur naistier aige ṫríd an ḃfásaċ ṁórsa: do ḃi an TIĠEARNA do Ḋía an dá ḟiċṫid blíaḋanso maille riot; ní raiḃ easḃaiḋ ar biṫ ort.
Féuċ, do ḃéura mé air an druing do ṡínagóig Ṡátain, noċ a deir gur Iúdaiġeaḋ íad féin, agus naċ eaḋ, aċd do níd bréug; féuċ, do ḃéura mé orṫa teaċd agus sléuċduin do ḋéunaṁ agad ċosuiḃse, agus biaiḋ a ḟios aca go dtug mise gráḋ ḋuit.