20 Agus do ġlac maiġistir Jóseṗ é, agus do ċuir a bpríusún é, a náit a raḃadur príusúnuiġ an riġ ceanguilte; agus do ḃí sé ann sin a bpríosún.
Oir as dearḃ gur ab é mo ġoid as críċ na Neaḃruiḋeaċ do rinneaḋ: ni ḋearna mé éinní annso mar an gceadna as a ccuirfidis ann sa ċarcairsi mé.
Oír molfaiḋ díḃḟearg an duine ṫusa, toirmiosguiḋ tusa fuiġioll a ḃfeirge.
Rugaḋ as príosún agus ó ḃreiṫeaṁnus é: agus cía ḟoillseoċus a ġinealaċ? óir do gearraḋ amaċ é as tír na mbéo, ar son ċionta mo ṗobailsi do ḃuáileaḋ é.
Uimesin do ḃádar na prionnsaḋa feargaċ re Ieremiah, agus do ḃuáileadar é, agus do ċuireadar a bpríosún é, a ttiġ Ionatan an scríobuiḋe: óir do rinneadar príosún de.
Ar son a ḃfuilim ag fúlang uilc, go géiḃeannuiḃ, mar ḟear droċgníoṁa; giḋeaḋ ní ḃfuil bríaṫar Dé ceanguilte.
Agus do dearḃaḋ drung eile ré sgige agus ré sgíursuiġiḃ, agus fós, ré géiḃeannuiḃ agus ré príosún:
Oír is ní so is fíu buiḋeaċas, dá niomċruiḋ neaċ doilġeas ar son coinnsiáis ċum Dé, ag fulang na héugcóra.