Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus a duḃradarsan, Do ċoncamair go raiḃ an TIĠEARNA go déiḃin leaċtsa: agus a duḃramar, Bíoḋ a nois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot;
Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot.
Ni ḟéuċaḋ fearcoiṁéad an ṗríusúin do ní ar biṫ dá raiḃ fá na láiṁ: do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille rision; agus gaċ ní dá ndéanaḋ sé go gcuireaḋ an TIĠEARNA raṫ aír.
Agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris, agus do ċuáiḋ sé ar a aġaiḋ gaċ uile ḃall a ttíaġ amaċ: agus do ċaṫuiġ se a naġaiḋ ríġ na hassíria, agus níor ḟoġuin sé dó.
Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.
¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.
A nuáir ġaḃus tú ṫríd na huisgeaḋuiḃ, biáiḋ misi ad ḟoċair; agus ṫríd na haiḃniḃ, ní ḟoileoċuid síad ṫú: a nuáir ṡíuḃolas tú ṫríd an tteine, ní loisgfiġear ṫú; ní mó ḋeargfas an lasair ort.
Agus do ḋéana misi ḋíotsa don ṁuinntirsi balla cúṁdaiġ práis: agus troidfid riotsa, aċd ní ḃéuruid buáiḋ ort: óir atáimsi leaċd dot ċáḃair agus dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.
Tugaḋ gaċ a ḃfuil do ṡearḃḟoġantuiġuiḃ faói ċuing meas gur fiu a maiġisdreaġa a nuile onóir dfaġáil, ionnus naċ ḃfuiġeaḋ aimn Dé agus a ṫeagusg sgannail.
¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.
Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.