18 Agus tárla a nuáir do ṫog misi mo ġuṫ go hárd, agus do éiġ mé, gur ḟág sé a ḃrat agam, agus gur ṫeiṫ sé amaċ.
Agus do laḃair sisi ris do réir na mbríaṫarso, dá raḋ, An serḃíseaċ Eaḃruiġeaċ noċ ṫuguis ċuguinn, ṫáinig sé a steaċ ċugamsa do ḋéanaṁ maguiḋ orum.
Agus táinic as sin a nuáir do ċúaluiḋ a ṁaiġistir bríaṫra a ṁná noċ do laḃair sí ris, dá ráḋ, Marso do rinne do ṡeirḃíseaċ rium; go raiḃ a ḟearg ar lasaḋ.