1 Agus rugaḋ Ioseṗ síos do Negipt; agus Potiṗer oifigeaċ do ṁuinntir Ṗárao, caiptín a ġárda, Egipteaċ, do ċeannuiġ sé é as laṁuiḃ na Nismaeliteaċ, noċ tug leó síos ann sin é.
Agus do ṡuiġeadar síos diṫe aráin, agus do ṫógḃadar súas a súile, agus do aṁairceadar, agus féuċ do ṫáinic cuideaċda Ismaeliteaċ ó Ġilead gun a ccaṁulluiḃ, ag iomċar spíosra, agus balma, agus mirra, ag imṫeaċd dá ḃreiṫ síos do Néigipt.
Annsin do ġaḃadar Midianuiġ ré na ttáoḃ, ceannuiġṫe; agus do ṫairngeadar agus do ṫógḃadar súas Ióseṗ as an bpoll, agus do réacadur Ióseṗ ris na Hismaeliteaċuiḃ ar ḟiċid píosa airgid: agus rugadarsin Ióseṗ do Négipt.
Agus a duḃairt Ióseṗ re na ḋearḃráiṫriḃ, Druidiġ riom, iarruim mar aṫċuinġiḋ oruiḃ. Agus do ḋruideadar leis. Agus a duḃairt seision Is misi Ióseṗ ḃur ndearḃraṫair, noċ do reacaḃair do Négipt.