Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Ṗáres, agus Sárah: aċ fuair Er, agus Onan bás a ttír Ċánaain. Agus mic Ṗáres dob íad Hesron, agus Hámul.
Agus do ġoir sé ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA mo Ḋía, an ttug tú olc fós ar an mbaintreaḃuiġ a ḃfoċair a ḃfuilim ar cúairt, ag marḃaḋ a mic?
¶ Mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Selah: inġean Ṡua an Cananiteaċ rug an triúr sin dó. Agus do ḃi Er, céidġin Iúdah, go holc a raḋarc an TIĠEARNA; agus do ṁarḃ sé é.
Agus ṫug air a ċloinn dul ṫríd an tteine a ngleann ṁic Hinnom: mar an ccéadna do ġéill sé daimsearuiḃ, agus dfoġiuim droiġeaċt, agus do ġnáṫuiġeaḋ piseóga, agus do ḃíoḋ leannán síṫe aige, agus luċd fáistine: do rinne sé iomarcuiḋ uilc a raḋarc an TIĠEARNA, dá ċorruġaḋ ċum feirge.
Má ṗeacuiġeann neaċ a naġaiḋ a ċéile, do ḋéana an breiṫeaṁ breiṫeaṁnus air: aċd má ṗeacuiġeann duine a naġaiḋ an TIĠEARNA, cía laiḃeorús ar a ṡon? giḋeaḋ níor ċuireadarsan suim a mbriaṫruiḃ a naṫar, do ḃríġ go muirfeaḋ an TIĠEARNA íad.