29 Agus tárla nuáir rug sé a láṁ ar a hais: féuċ ṫáinig a ḋearḃraṫair amaċ: agus a duḃairt sisi, Cionnus do ḃris tusa amaċ? bíoḋ an briseaḋ so ort féin: uime sin tugaḋ Ṗáres dainm air.
Agus tárla a naimsir a tuismiḋ, gur ċuir áon aca a láṁ amaċ, agus gur ġlac an ḃean ċuidiġe an láṁ, agus gur ċeanguil snáiṫe sgárláoide fan láiṁ, dá ráḋ, Sé so ṫáinic amaċ ar ttús.
Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Ṗáres, agus Sárah: aċ fuair Er, agus Onan bás a ttír Ċánaain. Agus mic Ṗáres dob íad Hesron, agus Hámul.
Agus do ċoṁnuiġeadar drong áiriġ do ċloinn Iúdah ann Iérusalem, agus do ċloinn Ḃeniamin. Do ċloinn Iúdah; Ataiah ṁac Ussiah, ṁic Seċariah, ṁic Amariah, ṁic Seṗatiah, ṁic Mahalaleel, do ċloinn Peres;