Agus do ċuir sisi a culuiḋ báintreaḃuiġ ḋi, agus do ḟoluiġ sí í fein le folaċ, agus do ḟill í féin, agus do ṡuíġ a náit ṡoḟaicsiana, laiṁ ris a tsliġe ag dul go Timnah; óir do ċonnairc gur ḟás Sélah, agus nar tugaḋ í féin na mnáoi ḋó.
¶ Agus ṫáiníc Dáiḃi ḋa ṫiġ ann Ierusalem; agus do ġlac Dáiḃi an deiċneaṁar ban a leannáin, noċ dfág sé ag cuṁdaċ án tiġe, agus do ċuir a bpriosún íad, agus do ḃeaṫuiġ íad, aċd níor luiġ sé léo. Mar sin do ḃádar fá íaḋaḋ go ló a mbáis, béo a mbaintreaḃaċus.
Agus do laḃair Daiḃi ris an TTIĠEARNA a nuáir do ċonnairc sé an taingeal do ḃuáil na daóine, agus a duḃairt, Feuċ, is misi do ṗeacaiḋ, agus do rinne droiċ ní, aċ na caóiriġsi, cred do rinneadar? bíoḃ do láṁ am aġaiḋsi, guiḋim ṫú, agus a naġaiḋ ṫiġe maṫar.
Ṫusa fós, rug breaṫ air do ḋeirḃṡeaṫraċaiḃ, iomċair do náire féin arson do ṗeacaiḋ do rinne tú ní as aḋḟúaṫṁaire ná íadsan: is ro ionnraca íad ná ṫusa: aseaḋ, náiriġṫear ṫusa fós, agus iomċair do náire, do ḃríġ gur ḟíréunuiġ tú do ḋeirḃṡeaṫraċa.
Is fíorġlaine do ṡúile na ċum uilc daṁarc, agus ní ḟéadann tú féuċuin air éicceart: cred fa ḃféuċann tú air an droing do ní go fealltaċ, agus ḃíos tú ad ṫoċd an tan ṡluigios an droċḋuine an duine is fíréunta ná é féin?
Aċd mar do ċúalardarsan na neiṫesi, agus a gcogús dá nagra, do imṫiġeadar amaċ a ndiaiġ a ċéile, ag tosuġaḋ ó na sinnsioraiḃ gus na dáoiniḃ déiġeanaċa: agus do fágaḋ Iósa na áonar, agus an ḃean na seasaṁ a lar.
Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.