Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í.
Créd fár ṫarcuisniġ tú aiṫne an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ uile dá laṫaír? do ṁarḃ tú Uriah an Hititeaċ leis an ccloiḋeaṁ, agus ṫug tú a ḃean da beiṫ na mnáoi agad féin, agus do ṁarḃ tú é le cloiḋeaṁ ċloinne Ammon.
Aċd do ṫréigeamar na neiṫe folaiġṫeaċ míoṁacántuis, ní ag siuḃal a cceilg, ná ag truáilleaḋ ḃréiṫre Dé; aċd maille ré foillsiuġaḋ na fírinne do nímid sinn féin ionṁolta do ċoinsias gaċ áon a ḃfíaḋnuisi Dé.
(Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.)