Agus do ċuir sisi a culuiḋ báintreaḃuiġ ḋi, agus do ḟoluiġ sí í fein le folaċ, agus do ḟill í féin, agus do ṡuíġ a náit ṡoḟaicsiana, laiṁ ris a tsliġe ag dul go Timnah; óir do ċonnairc gur ḟás Sélah, agus nar tugaḋ í féin na mnáoi ḋó.
Agus a duḃairt seision, Créud an ġeall do ḃéura mé ḋuit? agus a duḃairt sisi, Do ṡéula, do ḃráisléid, agus do ḃata, noċ atá ad láiṁ: agus tug sé íad sin di, agus do ḃí aice, agus do toirrċeaḋ leis í.
Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.