Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Ṗáres, agus Sárah: aċ fuair Er, agus Onan bás a ttír Ċánaain. Agus mic Ṗáres dob íad Hesron, agus Hámul.
Agus a nuair do scuir aimsir a cuṁa, do ċuir Dáiḃi fios uirre ċum a ṫiġe, agus do ḃí na mnaói aige, agus rug sí mac ḋó. Aċ do ṁíoṫaitín an ní do rinne Dáiḃi ris an TTIĠEARNA.
Agus do ġoir sé ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA mo Ḋía, an ttug tú olc fós ar an mbaintreaḃuiġ a ḃfoċair a ḃfuilim ar cúairt, ag marḃaḋ a mic?
¶ Mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Selah: inġean Ṡua an Cananiteaċ rug an triúr sin dó. Agus do ḃi Er, céidġin Iúdah, go holc a raḋarc an TIĠEARNA; agus do ṁarḃ sé é.
Agus a nuáir do iomċasáoid an pobal, do ċuir sin fearg ar an TIĠEARNA: agus do ċualuiḋ an TIĠEARNA sin; agus do lasaḋ a ḟearg; agus do las teine an TIĠEARNA na measg, agus do loisg an luċd dó ḃí a nimliḃ an ċampa.
Agus a duḃairt Bálaam re haingeal an TIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé; óir ní raiḃ a ḟios agam gur ṡeas tusa annsa tsliġe am aġuiḋ: nime sin annois, muna buḋ toil leaċd é, fillfe misi ar mais a rís.
Má ṗeacuiġeann neaċ a naġaiḋ a ċéile, do ḋéana an breiṫeaṁ breiṫeaṁnus air: aċd má ṗeacuiġeann duine a naġaiḋ an TIĠEARNA, cía laiḃeorús ar a ṡon? giḋeaḋ níor ċuireadarsan suim a mbriaṫruiḃ a naṫar, do ḃríġ go muirfeaḋ an TIĠEARNA íad.