Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 37:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus a duḃradar a ḋearḃráiṫre ris, An mbiáiḋ tusa go deiṁin ag ríġe ós ar ccionne? nó an mbiáiḋ go deiṁin uaċdaranaċd agad oruinn? agus bá móide fós a ḃfuaṫ air, tré na aislingiḃ, agus tré na ḃríaṫruiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 37:8
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob.


Agus a nuáir do ċonncadar a ḋearḃráiṫre gur ḃannsa le na naṫair é ná a ḋearḃráiṫre uile, do ḟuaṫiġeadar é, agus ní ḟéadaidís laḃairt go sioṫċánta ris.


Agus do ċonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá ḋearḃraiṫriḃ í, agus a duḃáirt, Féaċuiḋ, do ċonnairc mé fós aisling eile; agus féaċuiḋ, do rinne an ġrían agus an ġealaċ agus na háonréulta déug uṁla ḋaṁsa.


Agus a duḃradursan ris, Ní heaḋ a ṫiġearna, aċ do ċeannaċ bíḋ tangadar do ṡerḃísiġ.


Ann sin táinic Iudah a ḃfogus dósan, agus a duḃairt sé, Oh a ṫiġearna, guiḋim ṫú léig dot ṡerḃiseaċuiḃ focal do laḃairt a néisdeaċd mo ṫiġearna, agus ná lasaḋ ṫfearg a naġuiḋ do ṡerḃísiġ: oir is ionann tú agus Ṗárao.


Rugadar beánnaċda haṫar buaiḋ ós cionn beannaċd mo ṡinnsiorsa go nuige an téórann as faide amaċ do na cnócuiḃ siorruiḋe: béid síad ar ċeann Ioseṗ, agus ar ċoróin ċinn an tí do dealuiġeaḋ re na ḋeárḃráiṫriḃ.


Agus do ċuadur a ḋearḃraiṫre mar an gceadna, agus do luiġeadur síos a ḃfiagnuisi a aġaiḋe, agus a duḃradur, Feuċ, is sinne do ṡerḃísiġ.


An ċloċ do ḋíultadar na saóir sí atá ar ndéanaṁ na ceann san gcuáine.


Agus a duḃairt seision, Cía rinne prionnsa, agus breiṫeaṁ ḋíotsa ós ar ccionne? a né ṡaóilios tú misi ṁarḃaḋ, mar do ṁarḃ tú an Tégipteaċ? agus do ġlac eagla Maoisi, agus a duḃairt, Is deiṁin gur fríṫ fios an ġníoṁasa.


Aċd do ḃí fúaṫ ag luċd a ċaiṫreaċ ḋó, agus do ċuireadar teaċdaireaċd na ḋiáiġ, ag ráḋ, Ní hail linn é so do ríoġaḋ oruinn.


Aċd ar ḃféaċain dósan órrṫa, a duḃairt sé: Máseaḋ créd é an ní so atá sgrioḃṫa, An ċloċ do ḋiultadar na sáoir is di so do rinneaḋ ceann an ċuáinne?


An Máoise só do ḋíultadar, ag ráḋ, Cía rinne úaċdarán agus bréiṫeaṁ ḋíotsa? do ċuir Día é mar úaċdarán agus mar ḟear sáorṫa a láiṁ a naingil, do taiḃreaḋ ḋó sa dos.


Agus do neiṫiḃ mórluáiġ na talṁan agus dá iomláine, agus do ḋeaġṫóil an té do áitreaḃ ansa dos: tigeaḋ an beannuġaḋ ar ċionn Ióseṗ, agus ar ṁullaċ cinn an té do dealuiġeaḋ ó na ḋearḃráiṫriḃ.


An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?


Aċt a duḃradar clann Ḃélial, Cíondus ċuíṁdeoċus an fearso sinn? Agus do ċuireadar a neiṁní é, agus ní ṫugadar tioḋlacaḋ ar biṫ ċuige. Aċd do ḃí seision na ṫoċd.


¶ Agus do ċuála Eliab a ḋearḃráṫair bá sine a núair do laḃair sé ris na daóiniḃ; agus do las fearg Eliab a naġaiḋ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cred as a ttáiníc tusa a núas annso? agus cía ag ar ḟág tú an beagan cáoraċ sin annsa ḃfásaċ? atá fios húaḃair agamsa, agus urċoíde hinntinne; óir ṫainic tú a nuas ċum go ḃfaicfeá an caṫ.


Agus do ḃí Saul ro ḟeargaċ, agus do ġoill an ċáintsin air go mór; agus a duḃairt sé, Do ċuireadar deiċ mílte a leiṫ Ḋáiḃi, agus niór ċuireadar am leiṫsi aċd mílte: agus cred dob áill léis dfaġáil níos mó aċd an rioġaċd?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ