Agus do aiṫin sé ḋioḃ, ag ráḋ, Mar so a déarṫáoi rem ṫiġearna Esau: a deir do ṡeirḃiseaċ Iácob mar so: do ċoṁnuiġe mé a ḃfoċair Lábáin, agus do ḟan mé aige ann sin go ttí a nois.
Agus do ċuáiḋ cuid díoḃ, eaḋon do ċloinn Ṡímeon, cúig ċéud fear, go slíaḃ Seir, agus Pelatiah agus Neáriah, agus Reṗaiah, agus Ussial, mic Issi, na ccaiptíniḃ orra.
Fis Obadiah. Is marso a deir an Tiġearna DIA a ttáoḃ Edom; Do ċuálamar aiṫris ón TTIĠEARNA, agus do cuireaḋ teaċta a measc na ngeinteaḋ, Eirġiḋse, agus eirġiom súas na haġaiḋ a ccaṫ.