Anois ar a naḋḃarsin éiriġ, agus imṫiġ amaċ, agus laḃair red ṁuínntir go sólasaċ: óir do ḃeírimsi an TIĠEARNA mar ṁionnaiḃ, muna ndeaċuiḋ tú amaċ, náċ ḃfanfuiḋ duine agad a noċd: agus buḋ measa ḋuit sin na ar éiriġ dulc ḋuit ód óige gus a nois.
Agus do laḃair Heseciah go coḃarṫaċ ris na Leḃítiḃ uile noċ do ṫeagaisc eólus maiṫ an TIĠEARNA: agus a dúadar ar feaḋ a nféusta seaċt lá, ag ofráil ofrála síoṫċána, agus ag déanaṁ adṁála don TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ.
Laḃruiḋ go meisneaṁuil ré Hierusalem, agus fúagruiḋ ḋi, gur críoċnuiġeaḋ a cogaḋ, gur maiṫeaḋ a héigceart: óir do ġlac sí as láiṁ an TIĠEARNA díol dúbalta ar son a huile peacaiḋ.
Agus déiriġ a fear, agus do ċuáiḋ na diáiġ, do laḃairt go muintearḋá ría, agus dá taḃairt leis a ris, ar mbeiṫ da ṡerḃíseaċ na ḟoċair, agus cúpla assal: agus rug sí a steaċ go tiġ a haṫar é: agus a nuáir do ċonnairc aṫair an ċailín é, do ḃí lúaṫġáir air teagṁáil ris.