Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.
¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.
Agus do ċuir Dáiḃi teaċda uaḋ, agus tugaḋ ċuige í; agus ṫaínic sí a steaċ ċuige, agus do luiḋ sé lé; oir do ḃí sí ar na glanaḋ ó na neaṁġlaine: agus dfill sí ḋá tiġ féin.
Agus is aṁla ḃías, muna raiḃ dúil agad innte, annsin do ḃéara tú cead di dul mar ar toil lé féin; aċd ní reacfa tú í ar éanċor ar airgiod, ní ḋéana tú arraḋ ḋi, do ċionn gur uṁluiġ tú í.
Ann sin do ḃéarṫaoi íad araon amaċ go geata na caiṫreaċ, agus cloċfuiḋe lé cloċuiḃ íad nó go ḃfuiġid bás; an cailin, do ċionn nar éiġ sí, air mbeiṫ ḋi annsa ccaṫruiġ; agus an fear, do ċionn gur ṫruaill sé bean a ċoṁarsann: mar sin ċuirfíḋe an tolc ar gcúl uáiḃ.
Ann sin an té do luiḋ lé do ḃéara dá haṫar caogad sécel airgid, agus biáiḋ sí na mnaói aige; do ċionn gur uṁluiġ sé í, ní féadann a cur úaḋ ar feaḋ a ṡáoġail.
Agus a duḃairt Gaal ṁác Ebed, Cía hé Abimeleċ, agus cía hé Sċeċem, as a ndéanmáoisne serḃís dó? naċ é mac Ierubbaal é? agus Sebul a oifigeaċ? déanuiḋ serḃís do ṁuinntir Hamoraṫair Sċeċem: óir cred fá ndéanmaoisne serḃís dósan?