Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 32:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt Iácob, A Ḋé máṫar Abraham, agus a Ḋé máṫar Isaac, an TIĠEARNA noċ a duḃairt rium, Fill ċum do ṫíre féin agus ċum do ġáoil, agus do ġeaḃṫar misi go maiṫ ort.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 32:9
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.


Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.


Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot.


As misi Día Ḃétel, áit ar ungaiḋ tusa an piléir, agus mar ar ṁóidiġ tú móid ḋaṁsa: a nois éiriġ, fág an dúṫaiḋse amaċ, agus fill go tír do ġáoil.


Atá a gcuṁaċd mo láiṁesi doċar do ḋéanaṁ ḋuit, aċ do laḃair Día haṫar riom a réir, ag ráḋ, Taḃair dod aire naċ laiḃéora tú re Iácob go maiṫ ná go saiṫ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iácob, Fill go dúṫuiġ haiṫreaḋ, agus go nuige do ċineaḋ; agus biáiḋ misi maille riot.


Muna ḃeiṫ Día máṫar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deiṁin do ċurfeá ar siuḃal a nois mé folaṁ: do ċonnairc Día mo leaṫtrom agus sáoṫar mo láṁ, agus tug aiṫfear ḋuitsi a réir.


Déunaḋ Día Abraham, agus Día Nahor, Día a naiṫreaċ breiṫeaṁnus eadruinn: agus do ṁionnuiġ Iacob fá eagla a aṫar Isaac.


Agus a duḃairt, Má ṫig Esau cum cuideaċda ḋíoḃ, agus go mbuáilfiḋ íad, ann sin raċuid an ċuideaċda ḟuigfiḋear as uaḋ.


Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn:


O ar Ndía, naċ mbéara tú breaṫ orra? oír ní ḃfuil neart ionnuinne anaġaiḋ na buiḋne móiresi ṫig ar naġaiḋ; agus ní feas dúine créad do ḋéanam: aċt ar súil do ḃeiṫ riotsa.


Agus a duḃairt sé, O a ṪIĠEARNA Día ar naiṫreaḋ, naċ tusa is Día a bḟlaiṫeaṁnus? agus naċ riaġlann tú ós cionn uile rioġaċt na ngeinteaḋ? agus naċ ḃfuil cuṁaċt agus neart ad láiṁ, iondus naċ éidir déainneaċ cur a taġaiḋ?


¶ Ar a naḋḃarso do ġuiḋ agus do éiġ Heseciah an ríġ, agus an fáiġ Isaiah ṁac Amos, ċum niṁe.


Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad ṫú, agus do ḃéara tú glóir ḋaṁ.


Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona ḃuaiḋreaḋ; do ḋéanad a ṡaoraḋ, agus a ġlóruġaḋ.


A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.


¶ Anois a núair ṫug mé scríḃinn na ceannuiġeaċta do Ḃaruċ ṁac Neriah, do ġuiḋ mé an TIĠEARNA, ġa ráḋ,


Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ