7 An sin do ḃí Iácob lán deagla agus danḃuáin: agus do roinn sé na dáoine do ḃí aige, agus na tréada, agus na sealḃa, agus na cáṁuill a ndá ċuideaċduin.
Sáor mé, iarrum ort, ó láiṁ mo ḋearḃraṫar, ó láiṁ Esau: óir atá eagla agus roiṁe, dfaitċios go ttiocfaḋ, agus go mbuáilfeaḋ mé, agus an ṁaṫair maille ris an ccloinn.
Agus do ṫóg Iácob a ṡúile súas, agus daṁairc se, agus féuċ do ṫáinic Esau agus ceiṫre ċéad fear leis. Agus do roinn sé an ċlann do Léah, agus do Ráċel, agus don dá ċuṁal.
Agus éirġeam agus teannum súas go Bétel, agus do ḋéana misi altóir ann do Ḋía, noċ do ḟreagair mé a nam mo ċrúaḋóige, agus do ḃi liom ann gaċ sliġe ar ġaḃus.
Oír do ċúalaiḋ mé scannuil ṁóráin: eagla air gaċ áontaóiḃ: an feaḋ do ḃádar ag déanaṁ coṁairle a néainḟeaċd am aġaiḋ, do ṫionnsgnadar manum do ḃuain asum.
Agus a nuair ṫáinic Ṗárao láiṁ ríu, do ṫógḃadar clann Israel a suile súas, agus féuċ, do ṡineadur ua Hégiptiġ na ndiáiġ, agus do ḃádursan lan deagla: agus do éiṁġeadur clann Israel ar anTTIĠEARNA.
Agus a deir seisean ríu, Créud fá a ḃfuiltí eaglaċ, a luċd an ċreidiṁ ḃig? Ar néirġe ḋósan an tansin, do ḃagair sé air an ngáoiṫ agus air an ḃfairge; agus ṫainic ciúnas mór ann.
Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.
Do ḃeir furtaċd dúinn ann ar nuile ṫriublóid, ionnus go dtiucfaḋ ḋínn coṁḟurtaċd do ṫaḃairt don druing ar a mbí buáiḋreaḋ ar ḃiṫ, trés an gcoṁḟurtaċd ré a ḃfaġmaóid féin furtaċd ó Ḋía.