4 Agus do aiṫin sé ḋioḃ, ag ráḋ, Mar so a déarṫáoi rem ṫiġearna Esau: a deir do ṡeirḃiseaċ Iácob mar so: do ċoṁnuiġe mé a ḃfoċair Lábáin, agus do ḟan mé aige ann sin go ttí a nois.
Eísd rinne a ṫiġearna: a táoisi ad ṗrionnsa ċuṁaċdaċ eadruinne, cuir do ṁairḃ an do roġa róiṁ aḋlaice dá ḃfuil aguinn: ní ċoinneoċuiḋ áonduine aguinn a ṫúma uáit.
Go ndéana puibleaċa seirḃís duit, agus go nuṁluiġe ciniḋeaċa síos duit; bi ad ṫiġearna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, agus uṁluidís mic do ṁaṫar ḋuit: go má malluiġe gaċ áon ṁailleóċus tú, agus go ma beannuiġe an té ḃeinneóċus tú.
Agus do ḟreagair Isaac agus a duḃairt re Hesau, Féuċ, do rinne me eision na ṫiġearna ort, agus tug mé a ḋearḃraiṫre uile na serḃíseaċuiḃ ḋó; agus lé harḃar, agus le fíon do ċonnuiṁ mé súas é: agus créad do ḋéun riotsa a nois, a ṁic?
Mar so do ḃí mé fiṫċe blíaḋan ann do ṫiġ: do ḟoġuín mé ḋuit ceiṫre bliaḋna déag ar son do ḋías inġean, agus sé ḃíaḋna ar son ṫáirnéisi: agus do áṫruiġ tú mo ṫúarasdal deiċ nuáire.
Ann sin a déura tusa, Is lé do ṡerḃíseaċ Iácob íad so; is tioḋlaiceaḋ é do cuireaḋ ċum mo ṫiġearna Esau; agus féuċ, atá sé féin mar an gcéadna ar ndíaiġ.
Agus atáid daiṁ agus assail agam, tréada agus seirḃísiġ fear agus seirḃisiġ ban: agus do ċuir mé teaċda uáim dá innisin dom ṫiġearna, ionnus go ḃfaġa mé grása ad raḋarc.
Eirġioḋ mo ṫiġearna, íarruim ort, ṫairis anonn roiṁe a ṡerḃíseaċ: agus leanfa misi ṫú go socair, réir mar ḟéadfuid a nairnéis ḃías roṁam agus an ċlann ḟulang, nó go ttí mé go núiġ mo ṫiġearna go Seir.
Má ní tú go maiṫ, naċ nglacfuiġṫear ṫú? agus muna ndéarna tú go maiṫ, atá an péacaḋ na luiġe ag an dorus, agus biáiḋ a ḟonn ċugadsa, agus riaġloċuiḋ tú ós a ċionn.
Marsin do ċuireadar saicéadaċ ar a níoċṫar, agus rópaḋa ar a cceannuiḃ, agus ṫangadar go ríġ Israel, agus a duḃradar, A deir do ṡearḃḟoġantuiġ Ben‐hadad, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ marṫuinn. Agus a duḃairt seision, An ḃfuil sé fos béo? sé mo ḋearḃraṫair é.
A ṪIĠEARNA, a núair do ċuáiḋ tú amaċ as Seir, a nuáir do ċuáiḋ tú ar haġaiḋ as maċaire Edom, do ċrioṫnuiġ an talaṁ, agus do ṡileadar na neaṁa, agus na neóill mar an gcéadna do ṡileadar uisge.