¶ Annsin a duḃairt misi, A ṁairg ḋaṁsa! óir atáim millte; do ċionn gur duine do ḃéul neaṁġlan mé, agus go náitreaḃuim a measg daóine ḃéul neaṁġlan: óir do ċonncadar mo ṡúile an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ.
Is rission laiḃeorus mé béul ar ḃéul, fós go soilléir, agus ni a nglór dorċa; agus do ċífe sé cosaṁlaċd an TIĠEARNA: créud fa naċ raḃairsi ar a naḋḃarsin eaglaċ um laḃairt a náġaiġ mo ṡerḃísiġ Maóisi?
Oír is raḋarc spéucláire dorċa, atá aguinn a nois; aċd a núairsin bíam ar aġaiḋ a ċéile: a nois atá gné aiṫne agam; aċd an tan sin aiṫéonad do réir mar atá aiṫne oram.
Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.
Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
Agus a duḃraḃair, Féuċ do ṫaisbéin an TIĠEARNA ar Ndía a ġloir ḋúinn agus a ṁórḋaċd, agus do ċúalamar a ġuṫ amaċ as lár na teineaḋ: do ċonncamar a niuġ go laḃrann Día ré duine, agus go mairionn sé.
Aċd atá a nois ar ḟoillsiuġaḋ tré ṫeaċd deallruiġeeaċ ar Dtíġearna Iósa Críosd, noċ do ḋíḃir an bás, agus tug beaṫa agus neaṁṫruáilleaḋ ċum soillse trés an tsoisgéul:
As tré ċreideaṁ do ṫréig sé an Néigipt, gan ḟaitċeas air roiṁ ḟeirg an ríġ: óir do ḃí sé coṁláidir sin ná inntinn, ionann agus do ċífeaḋ sé an tí naċ féidir dfaicsin.
¶ Agus tárla, a núair do ḃí Iosua ag Ieriċo, gur ṫog a ṡúile súas, agus gur aṁairc, agus, feaċ, do ṡeas duine ṫall as a ċoinne gon a ċloiḋeaṁ noċduiġ iona láiṁ: agus do ċuaiḋ Iosua mar a raiḃ sé, agus a duḃairt ris, Ann air ar soinne atá tusa, nó ar son ar náṁad?