Sáor mé, iarrum ort, ó láiṁ mo ḋearḃraṫar, ó láiṁ Esau: óir atá eagla agus roiṁe, dfaitċios go ttiocfaḋ, agus go mbuáilfeaḋ mé, agus an ṁaṫair maille ris an ccloinn.
Eirġioḋ mo ṫiġearna, íarruim ort, ṫairis anonn roiṁe a ṡerḃíseaċ: agus leanfa misi ṫú go socair, réir mar ḟéadfuid a nairnéis ḃías roṁam agus an ċlann ḟulang, nó go ttí mé go núiġ mo ṫiġearna go Seir.
Agus do ġuiḋ Elisa, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, foscuil a ṡuile, go ḃfaiciġ sé. Agus dfoscuil an TIĠEARNA súile an nógánuiġ; agus do ċonnairc sé: agus, feúċ, do ḃí an slíaḃ lán do eaċuiḃ agus do ċarbaduiḃ tinntiġe timċioll Elisa fá ccuáirt.
¶ Agus Is íad so uiḃir na mbannaḋa noċ do ḃí réiḋ armṫa ċum coguiḋ, agus ṫáinic go Dáiḃi go Hebron, dfilleaḋ rioġaċda Ṡauil ċuige, do reir ḃréiṫre an TIĠEARNA.
¶ A ttáoḃ Edom, is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; An ḃfuil, críonnaċt ó so amaċ ann Teman? nar imṫiġ coṁairle seaċad ón ġlic? a ndeaċuiḋ a neagna ar neiṁní?
Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Mar do rinne sé ré cloinn Esau, noċ do áitreiḃ ann Seir, a nuáir do scríos sé na Horimiġ rompa; agus tangadarsan na ndiáiġ, agus do áitreaḃadar na náit gus a niuġ: