Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 32:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus do ḟíafruiġ Iácob ḋe, agus a duḃairt ris, Guiḋim ṫú, innis daṁ hainm. Agus do raíḋ seision, Cread an faṫ fá ḃfiafruiġionn tú maimn? Agus do ḃeannuiġ sé ann sin é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 32:29
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ní Hábram ḃus ainm ort ó so amaċ, aċ buḋ é hainm Abraham; óir ad taṫair ṁoráin do ċiniḋeaċuiḃ do rinne mé ṫú.


Agus a duḃairt Día ris, Iácob as ainm ḋuitsi; ni goirfiġear feasda Iácob ḋíot, aċ Israel ḃus ainm ḋuit: agus do ġoir sé Israel dainm ḋe.


Agus do ṫaisbéin Día a rís é féin do Iácob, a nuáir ṫáinic sé amaċ as Páda-Aram, agus do ḃeannuiġ sé é.


Agus do ṫóg Elias ḋá ċloiċ ḋéug, do reír uiḃre ṫreaḃ ṁac Iacob, ċum a ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Israel ḃus ainm ḋuit:


Gus an lá a niuġ do níd reír an tseannóis: ní eaglaid an TIĠEARNA, ní mó do níd do reir a reaċda, nó do reír a nórduiġṫeaḋ, nó do reír an dliġe agus na haiṫne noċ daiṫin an TIĠEARNA do ċloinn Iácob, dar ġior sé Israel dainm;


¶ Agus do ġin Abraham Isaac. Mic Isaac; Esau agus Israel.


An ḃféadann tusa le spíonaḋ Día dfaġáil amaċ? an ḃfuiġe tú amaċ an Tuileċuṁaċdaċ ċum iomláine?


Cia ċuaiḋ súas ar neaṁ, nó ṫáinic a núas? cía ċruinniġ an ġáoṫ iona ḋórnuiḃ? cía ċeangail na huisgeaḋa a ccúlaiḋ? cía ḋaingniḋ uile ċorra an doṁuin? cá hainm é, agus ca hainm a ṁic, má ḟéadann tú innsin?


Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.


Deanam, agus filleam ċum an TIĠEARNA: óir isé do ḃris, agus leiġiosuiḋ sé sinn; isé do ḃuáil, agus ceingeola sé súas sinn.


¶ Agus do ċuir Maóise teaċda ó Ċades go riġ Edom, Is mar so a deir do ḋearḃraṫair Israel, Atá a ḟios agad ar gaċ ní dar éiriġ ḋuinne ann ar tturus:


Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.


Beanuid na neiṫe secréideaċa re ar TTIĠEARNA Día: aċd na neiṫe atá ar na ḃfoillsiuġaḋ is rinne ḃeanuid síad agus ré ar gcloinn gó síorruiḋe, ċor go ndéanmaóis bríaṫra an dliġesi uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ