Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.
Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Aon Náoṁṫa Israel, agus a Ċrúṫaiġṫeóir, Fíafruiġ ḋíomsa na neiṫe atá ag teaċt a ttaoḃ mo ṁac, agus a ttaoḃ oibreaċ mo láṁ áiṫniġiḋ ḋíom.
Agus ní ḃfuil áon ġoireas air mainmse, ċorruiġeas é féin súas do ġaḃáil greama ḋíotsa: óir dfoluiġ tú haġaiḋ oruinn, agus do leaġ tú sinn, ar son ar cciontaḋ.
Aseaḋ, do ḃí cuṁaċt aige ós cionn a naingil, agus rug sé buáiḋ: do ċaói sé, agus do rinne sé guiḋe ċuige: fuáir sé é san Ḃetel, agus annsin do laḃair sé rinne;
Uime sin, a ḋearbraiṫre gráḋaċa, bíġiḋ coṁnuiġeaċ, neaṁċorraċ, ag méuduġaḋ do ṡíor a nobair an Tiġearna, ar mbeiṫ a ḟios aguiḃ naċ dioṁáoin ḃur sáoṫar sa Dtiġearna.
Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas: