Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.
Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.
An taingiol do ḟúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuiġe sé na leiniṁ; agus goirṫear mainmsi orra, agus ainm maiṫreaċ Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadaṁlaċd a meaḋon na talṁan.
Agus do ṡín Maóise a láṁ amaċ ós cionn na fairge, agus do ḟill a nfairge iona néart féin a nuair do ḟoillsiġ an ṁaidin; agus do ṫeiṫeadar na Hegíptiġ na haġuiḋ: agus do ḃáiṫ an TIĠEARNA na Hégiptiġ a lár na fairge.
Uimesin do fágḃaḋ misi am áonar, agus do ċonairc mé a naisling ṁórso, agus níor ḟan spracaḋ ar bioṫ ionnam: óir diompóiġ mo ṁaise ar míoṁaise ionnam, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.
Agus íarruim daṫċuinġe oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré ar Dtiġearna Iósa Críosd, agus ar son ġráḋa na Spioraide, ḃur ndiṫċeall do ḋéunaṁ, ma ráon riom a nurnaiġiḃ ċum Dé ar mo ṡon;
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, aċd ré húaċdaranuiḃ, ré cúṁaċduiḃ, ré prionnsuiḋiḃ an doṁuin ḋorċaduis an tsáoġailse, ré droċsbioraduiḃ, noċ atá sna hionaduiḃ árda.
Ar mbeiṫ díḃ ag úrnuiġe do ṡíor ré gaċ áoin ġné úrnuiġe agus aṫċuinġe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gaċ uile ḃúanas agus ġuiḋe ar son na nuile náoṁ;
Oir do bfearr leam go mbíaḋ a ḟioa aguiḃ créd é méud mo ċoṁruic ar ḃur sonsa, agus ar son na druing atá a Láodicéa, agus ar son na méide naċ ḃfacuiġ maḋuiġ sa ḃfeóil;
Cuiriḋ Epaṗras, searḃḟoġantuiḋe Ċríosd, noċ is díḃ féin, beannaċd ċuguiḃ, ag déunaṁ sbárna do ṡíor a núrnuiġiḃ ar ḃur son, ċum seasda ḋíḃ go diongṁálta agus líonta a nuile ṫoil Dé.
Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:
¶ Agus tárla, a núair do ḃí Iosua ag Ieriċo, gur ṫog a ṡúile súas, agus gur aṁairc, agus, feaċ, do ṡeas duine ṫall as a ċoinne gon a ċloiḋeaṁ noċduiġ iona láiṁ: agus do ċuaiḋ Iosua mar a raiḃ sé, agus a duḃairt ris, Ann air ar soinne atá tusa, nó ar son ar náṁad?