Agus abruiḋsi ós a ċionn sin, Féuċ, atá do ṡerḃíseaċ Iácob ar ndíaiġ. Oir a duḃairt, Ceinnseoċuiḋ mé é leis an mbronntanas raċas roṁam, agus na ḋiáiġ sin do ċífe mé a ġnúis; do bféidir go ngéuḃaḋ sé mo ġnúis ċuige.
Guiḋim ṫú, glac mo ḃeannuġaḋ, tugaḋ ċugad; do ċionn go raiḃ Día go grásaṁuil riom, agus do ċionn go ḃfuil go lór agam. Agus do ṡárúiḋ air, agus do ġaḃ sé an tioḋlaiceaḋ.
Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
¶ Uimesin do ċuir Iosua amaċ íad: agus do ċuádar do luiġe a ḃforaire, agus do ḟosadair idir Ḃetel agus Ai, an táoḃ ṡíar do Ai: aċ do ḟan Iosua a noiḋċesin a measg an ṗobuil.