Agus, féuċ, atá agad Símei ṁac Gera, Beniamíteaċ ó Ḃahúrim, noċ do ṁalluiġ orumsa le malluġaḋ deanaċdaċ annsa lo a ndeaċaiḋ mé go Mahanaim: aċd ṫáimc sé a núas am ċoinne go Iordan, agus do ṁionnuiġ mé ḋo fan TTIĠEARNA, ġa raḋ, Ní ċuirfe mé ċum báis ṫú leis an ccloiḋeaṁ.
Agus do ġuiḋ Elisa, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, foscuil a ṡuile, go ḃfaiciġ sé. Agus dfoscuil an TIĠEARNA súile an nógánuiġ; agus do ċonnairc sé: agus, feúċ, do ḃí an slíaḃ lán do eaċuiḃ agus do ċarbaduiḃ tinntiġe timċioll Elisa fá ccuáirt.
Annsin a duḃairt sé, An ḃfeadair tú cred fa ttáinic misi ad ċoinne? agus anois fillfiḋ mé do ṫroid ré prionnsa na Persia: agus an tan raċfus mé amaċ, féuċ, tiucfuiḋ prionnsa na Gréige.
Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?