Agus tárla a nuáir do reiṫeaḋ a náirnéis, gur ṫóg misi mo ṡuile súas, agus do ċonairc me an aisling, agus feuċ, na reiṫean do ḃi ag léim ar a nairneis go raḃadur síogaċ, ballaċ, meascṫa.
Guiḋim ṫú, glac mo ḃeannuġaḋ, tugaḋ ċugad; do ċionn go raiḃ Día go grásaṁuil riom, agus do ċionn go ḃfuil go lór agam. Agus do ṡárúiḋ air, agus do ġaḃ sé an tioḋlaiceaḋ.
Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.
Marsin do ḃeannuiġ an TIĠEARNA críoċ ḋeiriḋ Iób ní is mó ná a ṫosaċ: óir do ḃí ceiṫre ṁíle ḋéug cáora aige, agus sé ṁile cáṁall, agus mile cuing ḋaṁ, agus míle assal bainionn.
Aċ cuiṁneoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía: óir isé do ḃeir neart ḋuit dfaġáil saiḋḃris, go ndearna a ċunnraḋ seasṁaċ noċ do ṁionnuiġ sé da ḃur naiṫriḃ, mar atá sé a niuġ.
¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.