11 Sáor mé, iarrum ort, ó láiṁ mo ḋearḃraṫar, ó láiṁ Esau: óir atá eagla agus roiṁe, dfaitċios go ttiocfaḋ, agus go mbuáilfeaḋ mé, agus an ṁaṫair maille ris an ccloinn.
Agus a dúḃairt sé, Go maḋ beannuiġe an TIĠEARNA Día mo ṁaiġistir Abraham, naċ ar ḋearmuid mo ṁaiġistir ann a ṫrócaire, agus ann a ḟírinne: ar mbeiṫ ḋaṁsa ar sliġe, do ṫreóruiġ an TIĠEARNA mé go tiġ ḋearḃráiṫreaċ mo ṁaiġistir.
Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob.
Agus do hinniseaḋ do Rebecah na briaṫrasa Esau a mic buḋ sine: agus do ċuir sí fios agus do ġoir sí Jácob a mac dob óige, agus a duḃairt ris, Féuċ, do ḋearḃraṫair Esau, ar do ṡonsa, do ḃeir sé solás dó féin, ré cur roiṁe ṫusa ṁarḃaḋ.
¶ Agus ann sin do ċuáiḋ Dáiḃi ríġ a steaċ, agus do ṡuiġ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, agus duḃairt sé, Cía misi, a ṪIĠEARNA Día? agus cred é mo ṫiġ, as a ttug tusa mé go nuige so?
Uimesin éireoċuiḋ ceannairg eidir do ḋaóiniḃ, agus millfiġear do ḋaingin uile, mar do ṁill Salman Bet‐arbel a ló an ċaṫa: do réubaḋ an ṁaṫair na bloḋuiḃ air muin a cloinne.
¶ Má ṫeagṁann nead éin roṁad ar a tsliġe a ccrann, nó ar talaṁ, más éunluiġ, nó uiġe ḃias ann, agus an ṁaṫair na luiġe ar na héunuiḃ, no ar na huiġiḃ, ni ġéaḃa tú an ṁaṫair maille ris na hoguiḃ:
Agus do éiġṁeadar ċum an TIĠEARNA, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, do ḃríġ gur ṫréigeamar an TIĠEARNA, agus gur aḋramar Báalim agus Astárot: aċd a nois sáor sinn as láṁuiḃ ar náṁad, agus do ḋéanam seirḃís duit.
Ar a naḋḃarsin bíoḋ an TIĠEARNA na breiṫeaṁ, agus beireaḋ sé breaṫ eadrumsa agus tusa, agus go féuċiḋ, agus go ttagruiḋ mo ċúis, agus go sáoruiḋ sé mé amaċ as do láiṁse.