Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.
Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot.
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
Ní fiú mé an ċuid as lúġa dot ṫrócaire, agus do nfírinne noċ do ṫaisbéin tú dod óglaċ: óir lem ḃata ṫáinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim ḋá ḃanna.
Agus atáid daiṁ agus assail agam, tréada agus seirḃísiġ fear agus seirḃisiġ ban: agus do ċuir mé teaċda uáim dá innisin dom ṫiġearna, ionnus go ḃfaġa mé grása ad raḋarc.
Agus a duḃairt Iácob, A Ḋé máṫar Abraham, agus a Ḋé máṫar Isaac, an TIĠEARNA noċ a duḃairt rium, Fill ċum do ṫíre féin agus ċum do ġáoil, agus do ġeaḃṫar misi go maiṫ ort.
Agus a duḃairt Día ré Iácob, Eiriġ, imṫiġ súas go Bétel agus coṁnuiġ ann sin: agus déun altóir ann do Ḋía noċ do ḟoillsiġ é féin duit a nuáir do ṫeiṫ tú ó laṫair do ḋearḃraṫar Esau.
Agus éirġeam agus teannum súas go Bétel, agus do ḋéana misi altóir ann do Ḋía, noċ do ḟreagair mé a nam mo ċrúaḋóige, agus do ḃi liom ann gaċ sliġe ar ġaḃus.
¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Agus a duḃairt sesion, Go deiṁin biáiḋ misi leaċd; agus biáiḋ so mar ċoṁarṫa agad, gur ċuir misi ann tú: A nuáir do ḃéura tú an pobal amaċ as a Négipt, do ḋéantaoi serḃís do Ḋía ar a tsliaḃsa:
¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.