¶ Do ṁeas mé a rís, gaċ uile ṡáoṫar, agus gaċ uile obair ċeart, gurab air a ṡonso ṫnúṫuiġios duine re na ċoṁarsain. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.
Atá sé uáiḃreaċ gun fios áoinneiṫe aige, aċd é ar sáoḃ céille a dtimċeall ċeasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anċaint, droċ ḃaraṁla,
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Uime sin dfáirsingiḋ ifrionn i féin, agus dfoscuil a béul go roṁór: agus raċaiḋ a nglóirsion, agus a niomadaṁlaċd, agus a nainṁeas, agus an té lúaṫġáirios, síos ann.
Atá manam a measg leoṁan: luiġim a measc druinge atá re ṫeiniḋ, eaḋon clann na ndaoine, dar ġáeṫe agus soiġde a ḃfíacla, agus gur cloiḋṁṫe géara a tteangṫa.
O ḋaóiniḃ red láiṁ, a ṪIĠEARNA, ó ḋaóiniḃ an tsáoġail, agá ḃfuil a ccuid annsna mbeaṫaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnṁus foluiġeaċ: atáid síad lán do ċloinn, agus fágḃuid an ċuid oile dá maóin agá naóiḋeanuiḃ.
Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.
Agus do ḟreagair Lában agus a duḃairt ré Iacob, A síad na hinġeanaso minġeanasa, agus an ċlannso mo ċlannsa, agus a náirnéisse a síad máirnéisse íad, agus a ḃfaicionn tú uile as liomsa íad; agus cread ḟéaduim minġeana féin, nó ré na ccloinn do rugadar?