7 Agus Bilhah cuṁal Raċel, do ṫoirrċeaḋ a rís í, agus rug sí an dara mac do Iácob.
Agus a duḃairt Ráċel, Dó ḃreaṫnuiġ Día misi, agus Do ċuáluiḋ mar an gcéudna mo ġuṫ, agus tug mac ḋaṁ: uime sin tug sí Dan dainm air.
Agus a duḃairt Ráċel, Do spáirn mé maille ré spárnuiḋeaċd ṁóir ream deirḃṡiúir, agus rug mé buáiḋ: agus do ġoir sí Naṗtali dainm ḋe.
Agus mic Naṗtali; Iasehel, agus Guni, agus Iéser, agus Sillem.
Asíadso mic Ḃilhah, noċ tug Lában dá inġin Ráċel, agus rug sí íad so do Iacob: na hanmanna uile bá móirṡeisior íad.
Agus láiṁ ré téoruinn Aser, ón taoiḃ ṡoir, eaḋon go nuige an taoiḃ ṡíar, cuid ronna do Naṗtali.
¶ Do ċloinn Naṗtali, ar feaḋ a nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó aois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid do ḃí iondul amaċ ċum cogaiḋ;