Agus a duḃairt Sárai ré Abram, Féuċ a nois, do ṫoirmisg an TIĠEARNA misi ó ḃreiṫ: iarruim ort, teiġ a steaċ ċum minnilte; dob éidir go ḃfuiġinn clann da táoiḃ. Agus tug Abram aire do ġlór Ṡárai.
Uime sin a duḃairt sí ré Hábraham, Teilg amaċ an ḃean ḋaorsa agus a mac: óir ní ḃiaiġ mac na mná dáoire sí na oiġre maille ré mo ṁacsa, eaḋon re Isaac.
Agus do ċloinn na leannán, do ḃí ag Abraham, tug Abraham tioḋlaicṫe, agus do ċuir sé air siuḃal íad ó na ṁac Isaac, (an fad do ḃí fós béo) soirin, don tír ṡoir.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, tóigfe misi olc súas ad aġaiḋ amaċ as do ṫiġ féin, agus beanfa mé do ṁná ḋíot as coinne do ṡúl, agus do ḃéara mé dot ċoṁarsuinn íad, agus luiḋfiḋ sé led ṁnáiḃ a raḋarc na gréinesi.