Agus a duḃairt Sárai ré Abram, Féuċ a nois, do ṫoirmisg an TIĠEARNA misi ó ḃreiṫ: iarruim ort, teiġ a steaċ ċum minnilte; dob éidir go ḃfuiġinn clann da táoiḃ. Agus tug Abram aire do ġlór Ṡárai.
Agus do ḃí fearg ar Iácob, agus do ċáin Lában: agus do ḟreagair Iácob, agus a duḃairt sé ré Lában Cread é maindliġeaḋ, cread í mo ċoir, as ar lean tú ċoiṁġéarso mé?
Agus tárla, a nuáir do léiġ ríġ Israel an litir, gur ḃris sé a eádaċ, agus go nduḃairt, An Día misi, do ṁarḃaḋ agus do ḋéanaṁ beó, as a ccuirionn an fearso ċugam do ṡlánuġaḋ duine óna luḃra? ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, meusuiḋ, agus féuċuiḋ ciondus íarruis sé cionfáṫa ċugam.
Agus tarla, ar ball a ttáinic sé láiṁ ris an gcampa, go ḃfacaiḋ se an láoġ, agus an daṁsa: agus do ġríosuiġ fearg Ṁaóisi, agus do ṫeilg sé na cláir as a láṁuiḃ, agus do ḃris fáoi ḃun an tsleiḃe íad.
Aċd a deirimsi riḃ, Gaċ neaċ do ní fearg re na ḋearḃráṫair gan aḋḃar buḋ cionntaċ don ḃreiṫeaṁnus é: agus gíoḋ bé neaċ a déaruiḋ ré na ḋearḃráṫair, Raca, buḋ cionntaċ do ḃreiṫ na coṁairle é: agus gioḋ bé a déaruiḋ, A amadain, buḋ cionntaċ é do ṫeiniġ ifeirn.
Agus ar ḃfeaċain go feargaċ orrṫasan na ṫímċeall, ar ngaḃáil dóilġis ċuige ar son ċrúais a gcróiḋeaḋsan, a duḃairt sé ris an duine, Sín a maċ do láṁ. Agus do ṡín: agus do haiseagaḋ a láṁ slán mar an láiṁ eile.