18 Agus a duḃairt Léah, Tug Día mo ṫúarasdal daṁ, do ċionn go ttug mé mo ċailín dom ḟear: agus do ġoir Isaċar dainm ḋe.
Agus tug Día aire do Léah, agus do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí do Iacob an cuigeaḋ mac.
Agus do ṫoirrċeaḋ Léah arís, agus rug an seiseaḋ mac do Iácob.
Mic Léah Reuben céidġin Iácob, Símeon, agus Léḃi, agus Iúdah agus Issaċar, agus Sebulun.
Agus mic Isaċar; Tóla, agus Ṗúbah, agus Iób, agus Simron.
Agus do ċloinn Issaċar, agá raiḃ tuigsi air na haimsearuiḃ, dá ḟios cred buḋ ċóir do ċloinn Israel do ḋéanaṁ; do buḋ ḋá ċéad a ccinn; agus do ḃadár a ndearḃráiṫre uile ar a ttoil.
¶ Agus a duḃairt sé ar Ṡebulon, Gáirdiġ, a Ṡebulon an do ḋul amaċ; agus, Issaċar, ann do lóistíniḃ.
Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṡímeon. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Léḃi. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Issaċar.