1 Agus a nuáir do ċonnairc Raċel náċ rug sí clann do Iacob, do ḃí tnúṫ ag Ráċel lé na deirḃṡiáir; agus a duḃairt sí re Iácob, Taḃair ḋaṁsa clann, nó do ġeaḃa mé bás.
¶ Aċt dimṫiġ sé féin uiḋe laé a steaċ annsa ḃfásaċ, agus ṫáinic agus do ṡuiġ síos faói ċrann Iuniper: agus díarr sé ḋó féin bás dfaġáil; agus a duḃairt, As lór anois; a ṪIĠEARNA, beír leaċd manum; óir ní féarr misi ná maiṫreaċa.
¶ Do ṁeas mé a rís, gaċ uile ṡáoṫar, agus gaċ uile obair ċeart, gurab air a ṡonso ṫnúṫuiġios duine re na ċoṁarsain. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Agus a duḃairt Maóise ris, An ḃfuil tnúṫ ortsa ar mo ṡonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIĠEARNA uile na ḃfáiġiḃ, agus go ccuirfeaḋ an TIĠEARNA a spiorad orra.
Tnúṫ, dúnṁarḃaḋ, meisge, cráos, agus a saṁail sin: ar a laḃruim riḃ roiṁ láiṁ, aṁuil do innis mé ḋáoiḃ roiṁe, naċ ḃfuiġe an drung do ní a saṁail so óiġreaċda rioġaċda Dé.
Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.