Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 3:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ċúaladar guṫ an TIĠEARNA Dé ag spaisdeóireaċd ann sa ngáirdín a ḃfuarḋaċd an láoi: agus dfoluiġ Aḋaṁ agus a ḃean íad féin ó ḟiaḋnuisi an TIĠEARNA Dé a measg ċrann an ġáirdín.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 3:8
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do imṫiġ an TIĠEARNA roiṁe mar do scuir sé ḋa ċoṁráḋ ré Habraham; agus do fill Abraham da áit féin.


Agus a duḃairt seision, Do ċúala mé do ġuṫ annsa ngáirdín, agus do ḃí eagla orm, do ċionn go raiḃ mé noċd uiġe; agus do ḟoluiġ mé mé féin,


Néulla tiuġa as folaċ ḋó, ċor naċ ḃfaicionn sé; agus siuḃluiġ sé timċioll ḟlaiṫeaṁnuis.


Má dfoluiġ mé mo ṡáruiġṫe mar Aḋaṁ, ag ceilt mo ṗeacuiḋ ann mo ḃrollaċ:


Ann sin do ḟreagair an TIĠEARNA Iób, as an tsidéan gaóiṫe, agus a duḃairt,


Atáid súile an TIĠEARNA ann gaċ uile ḃall, ag féuċuin air a nolc agus air an maiṫ.


An ḃféadann áonduine e féin dfolaċ a náitiḃ uaigneaċa naċ ḃfaidfiḋ misi é? a deir an TIĠEARNA. Naċ lionomsa neaṁ agus talaṁ, a deir an TIĠEARNA.


Aite árda Aḃen mar an gcéadna, scriosfuiġear, peacaḋ Israel: tiucfuiḋ an droiġion agus an foġḃannán súas ar a naltóraċaiḃ; agus déaruid ris na sleiḃtiḃ, Folċuiḋ sinn; agus ris na cnoċaiḃ, Tuitiġ oruinn.


Agus síuḃoluiḋ me ḃur measc, agus beiḋ me am Ḋía aguiḃ, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa.


Aċt deiriġ Iónah súas do ṫeiṫeaṁ go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ sios go Ioppa; agus fuáir lóng ag dul go Tarsis: marsin do ḋíol sé ar son a ḃeirṫe ṫairis, agus do ċuáiḋ innte síos, do ḋul leó go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA.


Noċ ḟoillsiġeas obair an dliġiḋ sgríoḃṫa an a gcroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ dá gcogús ag déunaṁ fíaḋnuise má ráon ríu, agus a smuáintiġṫe ag éiliuġaḋ a ċéile nó fós ag gaḃáil a leisgiél;)


Oír siuḃluiġ do ṪIĠEARNA Día a lár do ċampa, dot ċuṁdaċsa, agus do ṫaḃairt do náṁad súas ad ḟíaġnuisi; ar a naḋḃarsin biáiḋ do ċampa náoṁṫa: go naċ ḃfaiciḋ sesion éainni salaċ ionnad, agus go ḃfillfeaḋ sé uáit:


An ccúaladar dáoine riaṁ guṫ Dé ag laḃairt amaċ as lár na teineaḋ, mar do ċúala tusa, agus é ṁarṫuinn?


Annois ar a naḋḃarsin cread fá ḃfuiġimisne bás? óir loiscfiḋ an teine ṁórsa sinn: má ċluinmíd guṫ an TIĠEARNA ar Ndía ní is mó, annsin do ġeaḃam bás.


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


Agus do ḟoluiġeadar ríġṫe na talṁan, agus na daóine móra, agus na daóine saiḋḃre, agus na hárdċaiptíniġe, agus na daóine cúṁaċdaċ, agus gaċ searḃḟoġantuiġe, agus gaċ duine sáor, íad féin a dtuinṫiġiḃ agus a measg ċarrag na sléiḃteaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ