Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 3:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a nuáir do ċonnairc an ḃean go raiḃ an ċroinn maiṫ ċum bíḋ, agus go raiḃ taitneaṁaċ leis na súiliḃ, agus na ċrann iondúileaṁla ċum áoin do ḋéunaṁ eagnuiḋe, do ġlac sí ḋá ṫoraḋ, agus do iṫ sí, agus tug mar an ccéudna dá fear maille ría; agus do iṫ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 3:6
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an fear, An ḃean tug tusa ḋaṁ ċum beiṫ am ḟoċair, tug sí ḋaṁ do an ċroinn, agus diṫ mé.


Agus a duḃairt sé ré Haḋaṁ, Do ḃriġ go ttug tú éisdeaċd do ġuṫ do ṁná, agus gur iṫ tú don ċrann, ar aiṫin misi ḋíot, dá ráḋ, Ní íosa tú ḋe; atá an talaṁ mallaiġe ar do ṡon; a ndoilġios íosas tú ḋe ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;


Agus tárla ndiáiġ na neiṫeannso, gur leag bean a ṁaiġistir a súil air Ióseṗ, agus go nduḃairt sí leis, Luiġ liomsa.


Go ḃfacadar mic Dé inġeana na ndáoine go raḃadar sgíaṁaċ; agus tugadar mná ċuca do nuile ḋroing do ṫógradar.


¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.


Mar sin do ċuáiḋ sé ar a ais leis, agus duáiġ sé arán ann a ṫiġ, agus do iḃ sé uisge.


Do rinne mé eaċd rem ṡúiliḃ; uimesin cred fá smuáinteoċuinn ar ṁaiġdin?


A ṁic an duine, féuċ, beirim uáit mían do ṡúl le buille: giḋeaḋ ní ḋéana tú doilġios ní ċaóiḋfe tú, ní mó rioṫfuid do ḋéara síos.


Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.


¶ Mar an ccéadna, a ṁic an duine, naċ eaḋ ḃías annsa ló a mbéara misi a neart úaṫa, gáirdeaċus a nglóire, mían a súl, agus an ní air ar ṡuiġeadar a ninntin, a mic agus a ninġeana,


Aċt do ṡáruiġeadarsan mar ḋaóiniḃ, an ċunnraḋ: annsin do rinneadar go fealltaċ am aġaiḋse.


Aċd a deirimsi riḃ, Gioḋ bé neaċ ḟéuċas air ṁnáoi ċum a sanntaiġṫe go ndearnuiḋ sé aḋaltrannas lé ċeana ann a ċroiḋe.


Agus ní hé Aḋaṁ do meallaḋ, aċd ar mbeiṫ don ṁnáoi ar na meallaḋ a sí bá ciontaċ ré briseaḋ na háiṫne.


A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.


Oír gaċ ní atá sa tsáoġal, mar atá ainṁían na colla, agus ainṁían na súl, agus úaḃar na beaṫa, ní ó Naṫair atáid síad, aċd is ón tsáoġal atáid.


Agus do ġuil sisi dá laṫair an ċuid oile do na seaċd lá, an feaḋ do ṁair an féasta: agus tárla air an seaċdṁaḋ lá, gur innis sé ḋi, do ḃríġ go raiḃ sí roiġear air: agus dinnis sise an toṁás do ċlainn a muinntire.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ