Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 3:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus a duḃairt a naṫair niṁe ris an mnáoi, Ní ḃfuiġṫí bás go deiḃin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 3:4
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día ris an mnáoi, Creud é so do rinne tú? agus a duḃairt an ḃean, Do ṁeall a naṫair niṁe mé, agus do iṫ mé.


Aċd do ṫoraḋ an ċroinn atá a lar an ġáirdín, a duḃairt Día, Ní íosa siḃ ḋé súd, agus ní ḃeanfaiḋ ris, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás.


Agus a duḃairt sé ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ḃríġ gur ċuir tú teaċda dfíafruiġe sgéul do Ḃaalsebub día Ecron, an do ċionn naċ raiḃ Día an Israel a ḃfíafroċaḋ scéula dá ḃreiṫir? air a naḋḃarsin ni ṫiucfa tú a núas don leabuiḋsin air a ndeacuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deṁin.


Anois ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA, Ní ṫiucfa tú a nuás as an leabuiḋ sin ar a ndeaċuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin. Agus dimṫiġ Elias.


Agus a duḃradarsan ris, Ṫáinic duine súas ar ccoinne, agus a duḃairt sé rinn, Imṫiġiḋ, eirġiḋ a ris ċum an ríġ ó ttangaḃair, agus abruiḋ ris. Is marso a deir an TIĠEARNA, An do ċionn naċ ḃfuil Día ann Israel, ċuirios tú teaċda dfíafruiġ do Ḃaal‐sebub día Ecron? ar a naḋḃarsin ní ṫiucfa tú a núas as an leabuiḋsin ar a ndeaċaiḋ tú suas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin.


Agus a duḃairt Elisa ris, Eiríġ, abair rís, Is féidir leaċd go deṁin teaċd as: giḋeaḋ do ṫaisbéin an TIĠEARNA ḋaṁsa go ḃfuiġe sé bás ar gaċ éanċor.


Agus a duḃarit seision, Raċa mé amaċ, agus biaiḋ mé am spiorad ḃréagaċ a mbéul a ḟáġ uile. Agus a dúḃairt an TIĠEARNA, Broisteoċuiḋ tú é, agus fós éireoċuiḋ leaċd: éiriġ amaċ, agus déana mar sin.


A duḃairt sé iona ċroiḋe, Do ḋearmuid Día: foluiġiḋ sé a aġaiḋ; ní ḟaicfiḋ sé go bráṫ é.


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Giḋeaḋ atá eagla oram, mar do ṁeall naiṫir neiṁe Eúḃá ré na ṁeaḃaill, go dtruáillfiḋe ḃur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimpliḋeaċd noċ atá a Gcríosd.


Deagla Ṡátan do ḃreiṫ buáiḋe oruinn ré na ġliocas: oír ní ḃfuil ainḃfios a ṡliġṫeaḋsan oruinn.


Agus go ttiucfaiḋ a ccríċ, a nuáir ċluinfios bríaṫra na mallaċdasa, go mbenneoċuiḋ é féin iona ċroiḋe, ġá ráḋ, Biáiḋ siṫ agum, giḋ go siuḃoluíġ mé a neasarrumaċd mo ċroiḋe féin, ag cur meisge a gcionn an tarta:


Agus ní hé Aḋaṁ do meallaḋ, aċd ar mbeiṫ don ṁnáoi ar na meallaḋ a sí bá ciontaċ ré briseaḋ na háiṫne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ