Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ría, Féuċ, atá tú torraċ, agus béura tú mac, agus do ḃéura tú Ismael dainm air: do ċionn go ccúala an TIĠEARNA do ḃuaiḋreaḋ.
Agus do ḟás an leanaṁ, agus tug sí do inġin Ṗárao é, agus do ḃí na ṁac aice. Agus tug sí Máoise dainm air: agus a duḃairt sí, Do ċionn gur ṫarruing mé as a nuisge é.
Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;
Uime sin tárla, a nuáir ṫáinic a naimsir timċioll tar éis Hannah do ḃeiṫ torraċ, go rug sí mac, agus ṫug Samuel dainm air, ġa ráḋ, Do ċionn gur íarr mé ar an TTIĠEARNA é.