Agus a duḃairt, Tárnoċd ṫáinic mé amaċ as broinn mo ṁáṫar, agus tárrnoċd ḟillfios mé ann a rís: sé an TIĠEARNA ṫug úaḋ, agus sé an TIĠEARNA rug leis; go maḋ beannuiġ ainm an TIĠEARNA.
Gaċ a ḃfuil reaṁar ar talaṁ íosuid agus do ḋéanaid aḋraḋ: a raċuiḋ síos don luaiṫreaḋ claonfuid ós a ċoinne: agus ní ḋéana aóinneaċ a anam féin do ċongṁáil béo.
Agus ṫug mé mo ċroiḋe do spíonaḋ agus díarruiḋ eagna a ttáoḃ gaċ aoinneiṫe da ndéantar fáoi neaṁ: ṫug Día an saoṫar doilġe so do ṁacaiḃ an duine dá mbuáiḋreaḋ leis.
An tí do rinne goid ná gadah ní sá ṁó: aċd go maḋ luáiṫe ḋeánas sé sáoṫar, ag oibriuġaḋ maiṫeasa ré na láṁuiḃ féin, ionnus go mbíáḋ ní aige ré ṫaḃairt don tí air ḃfuil ríaċdanus.
Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ.