Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 3:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus a duḃairt sé ré Haḋaṁ, Do ḃriġ go ttug tú éisdeaċd do ġuṫ do ṁná, agus gur iṫ tú don ċrann, ar aiṫin misi ḋíot, dá ráḋ, Ní íosa tú ḋe; atá an talaṁ mallaiġe ar do ṡon; a ndoilġios íosas tú ḋe ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 3:17
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do raiḋ seision, Cia dinnis duit go raiḃ tú noċduiġe? Ar iṫ tú don ċrann, do aiṫin misi ḋiot naċ íostá ḋe?


Droiġneaċ fós agus foġḃannáin do ḃéura sé ḋuit; agus íosa tú luiḃ na talṁan;


Agus a nuáir do ċonnairc an ḃean go raiḃ an ċroinn maiṫ ċum bíḋ, agus go raiḃ taitneaṁaċ leis na súiliḃ, agus na ċrann iondúileaṁla ċum áoin do ḋéunaṁ eagnuiḋe, do ġlac sí ḋá ṫoraḋ, agus do iṫ sí, agus tug mar an ccéudna dá fear maille ría; agus do iṫ sé.


Agus do ġoir Naói dainm ḋe, da ráḋ; do ḃéura an tisi meisneaċ ḋúinn a ttáoiḃ ar noibre agus saoṫair ar láṁ, do ḃríġ an talaiṁ do ṁalluiġ an TIĠEARNA.


Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.


Duine beirṫior ó ṁnaói bí sé gearrṡáoġlaċ, agus lán daṁgar.


Ca ṁionca cuirṫear coinneal na ndroċḋaoine as? agus cá ṁionca ṫig a naiḋṁilleaḋ orra? roinniḋ Día dólás ióna ḟeirg.


Is díoṁaóin díḃsi noċ éirġios go moċ ṡiġios go deiġionaċ, noċ íṫios arán an doilġiosa: marsin do ḃéaraiḋ sé codlaḋ dá ḟior gráiḋ.


Annsin dféuċ mé air a nuile obair dá ndéarnadar mo láṁa, agus air an tsáoṫar do oibriġ mé do ḋéanaṁ: agus, féuċ, do ḃí sé uile na ḋíoṁaóineas agus na ḃuáiḋreaḋ spioraide, agus ní raiḃ tarḃa faói an ngréin ann.


Uimesin dfúaṫuiġ mé an beaṫa; do ḃríġ an tsáoṫair oibriġṫior faói an ngréin gur doiliġ ḋaṁsa é: óir is dioṁaoineas a nuile ní agus buáiḋreaḋ spioraide.


Ar feaḋ a uile láeṫeaḋ iṫiḋ sé a ndorċadas, agus bí sé lán do ḋóbrón agus dfeirg ré na easláinte.


Agus a deir sé ris, A ċompánuiġ, cionnas ṫáinic tusa a sdeaċ ann so gan éadaċ bainnse umad? Aċd ní raiḃ áonḟocal aigesean.


Ann sin do ḃéara seisean freagra orrṫa, ag ráḋ, A deirim riḃ go firinneaċ, An ṁéid naċ dearnaḃair é déinneaċ do ṁuinntir roiḃigsi, naċ ndearnaḃair ḋaṁsa é.


A duḃairtsion ris, As do ḃéul féin do ḃeir imbreiṫ ort, a ḋrioċṡearḃḟoġantaiġ. Do ḃí a ḟios agad gur ḋuine forġrúama misi, ṫogḃus súas an ni naċ ar ċuir mé siós, agus ḃeanas an ni naċ ar ṡíoċuir me:


Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.


Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.


Aċd an talaṁ do ḃeir sgeaṫaċ agus driseaċ úaḋa as diomolta, agus is fogus é dá ḃeiṫ malluiġe; agúr ab é a ċríoċ a losgaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ