16 A duḃairt sé ris an mnáoi, Méideóċa mé go mór do ḋoilġios agus do ṫoirrċiuġaḋ; a ndoilġeas ḃeuras tú clann: agus dot ḟior ḃias ṫfonn, agus do ḋéuna sé uaċtarántaċd ort.
Má ní tú go maiṫ, naċ nglacfuiġṫear ṫú? agus muna ndéarna tú go maiṫ, atá an péacaḋ na luiġe ag an dorus, agus biáiḋ a ḟonn ċugadsa, agus riaġloċuiḋ tú ós a ċionn.
Agus a núair ḟoillseoċar órduġaḋ an ríġ noċ do ḃéara sé úaḋ air feaḋ a impireaċta oile, (bíoḋ gur mor í), do ḃéaruid na mná uile onóir dá ḃfearuiḃ, araon don ṁór, agus don ḃeag.
Agus biáiḋ eagla orra: géuḃuiḋ píanta agus doilġis greim ḋíoḃ; béid a bpein mar ṁnaói ag breiṫ: biáiḋ úaṫḃás aca iona ċéile; béid a naiġṫe mar lasraċa.
Uimesin atáid mo leasraċ lán do ṗéin: do ġlacadar píanta greim ḋíom, aṁuil píanta ṁná ré nioḋnuiḃ: do cromaḋ síos mé le na ċluinsion sin, do ḃí mé a naiṫṁeal le na ḟaicsin.
Cred a déara tú a nuáir ḃéarus sé pionús duit? (óir do ṁúin tú ḋóiḃ ḃeiṫ na ccaiptíniḃ, agus mar úaċtaránuiḃ ós do ċionn:) naċ géaḃa brón ṫú, aṁuil bean re nioḋnuiḃ?
Oír do ċúala misi gúṫ mar ṁnaoi ré nioḋnuiḃ, agus aṁuil goiṁ na mná ḃeirios a céidleanaḃ, gúṫ inġine Sion, noċ ċaóineas í féin, leaṫnuiġeas a láṁa, ġa raḋ, A ṫrúaiġe misi anois! óir atá manam coirṫe tres an luċd marḃṫa.
Ag breiṫe leiniḃ do ṁnáoi, bí sí a bpéin, óir ṫáinig a huáir: aċd tar éis leiniḃ do ḃreiṫ ḋi, ní ċuiṁniġeann sí a doilġeas ní as foide, lé gairdeaċus go rugaḋ duine ċum an tsáoġuil.
Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.